Bónas: ábhar macnaimh do lucht na Ghaeilge amháin.
Seo mo scéal:
Cé go bhfuil mé sa Bhruiséal i láthair na huaire, de gnáth is i mBaile Átha Cliath, Éire atá cónai orm. Ach is as Port Láirge - atá 100 míle (160km) ó dheas ó Bhaile Atha Cliath - mé.
Tá clú ar Bhaile Átha Cliath de bharr James Joyce agus a leabhar 'Ulysses' agus mar áit bhreithe Guinness. Tá dea-cháil ar Phort Láirge de bharr Ghloine Phort Láirge agus droch-cháil de dheasca Gilbert O'Sullivan. Tá stair fhada glórmhar ag Éirinn - baineann formhór di le troid agus fulaingt faoi ionróirí eachtrannacha. Maith go leor - tá mé ag cur leis sin beagáinín - níor thosaigh sin ach tuairim is 1,000 bliain ó shin nó mar sin.
Tá mé pósta le hÍde agus tá beirt pháiste againn:
Bláithín (13) &
Aisling (10). D'imir na páistí camógaíocht le Cumann CLG Naomh Uinseann.
|
|
|
|
Tá mo dheartháir Kieran ina ghriangrafadóir agus taitníonn a chuid oibre go mór liom - ach go háirithe an t-ábhar poiblí. Seo cúpla sampla maith.
Teaghlach eile: mar a dúirt mé, is as Port Láirge dom agus tá cónaí ansin fós ar mo mháthair May, mo dheirfiúr Mary, agus mo bheirt deartháireacha Seamus agus Dermot. Fuair m'athair, Paddy, bás tar éis dó a shaol a chaitheamh ag tabhairt seirbhís den scoth do mhuintir na cathrach agus do mhuintir dheisceart Chontae Chill Chainnigh mar fear poist.
Le bheith cruinn faoi, is i bhFionnradharc, i mBaile Átha Cliath atá cónaí orm (de ghnáth). Bhíodh baint mhór agam le Chumann Mhuintir Fionnradhairc leis na blianta anuas - eagraíocht dheonach a mbíonn ag plé le rudaí móra éagsúla sa chomharsanacht. Is é an rud is déanaí ná moladh go dtógfaí 100 árasán nó mar sin ar shuíomh 5 theach ag bun mo bhóthair. Sa Chumann sin bhí baint agam freisin le feachtas Chumann na nÁitritheoirí Comhaontaithe in aghaidh Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath.
Sa bhliain 2000 bh mé páirteach in eagraíocht arb ainm Cumann Mílaoise an Casino. Bhíodh an eagraíocht sin ag eagrú roinnt imeachtaí pobail le ceiliúradh a dhéanamh i gcomhair na Mílaoise i gceantar Marino / Fionnradharc / Charlemont. Is mise ionadaí an phobail freisin ar Bhord Choláiste Marino. Bhíodh baint agam freisin le Raidió Pobail Thuaisceart B.Á.C. (ba ghnách gur ag cur clár ceoil thraidisiúnta i láthair a bhínn) - ach b'shin fadó fadó ó shin - ach corruair fós bímse ar an stáisiún a d'eascair as : NEAR fm (Raidió Oir-Thuaisceart B.Á.C.).
De bharr na n-imeachtaí sin go léir, luaitear mé sna nuachtáin áitiúla ó uair go chéile. Féachaigí, mar shampla, trí comhaid Northside People.
Céard faoi mo phost? Táim ag obair agus ag saidéar sabhaile i láthair na huaire. Roimhe sin bhí mé ag léachtóireacht le Fiontar i
DCU.
Roimhe sin arís chaith mé mo chuid laethanta le PriceWaterhouseCoopers le 12 bhliain anuas. Bhí neart post agam leo, agus iad go léir taobh istigh den réimse oibre is fearr agamsa - an ríomhaireacht. I láthair na huaire tá mé ag múineadh an dreama is sinsearaí de na hiniúchóirí chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na bogearraí agus na crua-earraí atá ar fáil dóibh. Tá pleanáil, buiséadú, obair ar B2M, riarachán, bainistíocht, ríomhchlárú, bogearraí a thástáil, córais a fheidhmiú, cuidiú pearsanta agus cuidiú ar an teileafón, déanta agam, chomh maith le neart rudaí eile, ar son PWC. Tá an-bhród orm mar gheall ar an mbaint a bhí agam le seoladh scaireanna Irish Permanent, a bhí, ag an am, ar an seoladh poist ba mhó in Éirinn.
Roimhe sin bhí mé ag obair sa Príomh-Oifig Staidrimh mar Thaiseoir Córas (tig leat an milleán a chur ormsa de bharr an Innéacs Praghasanna Mórdhíola agus an Suirbhé ar Struchtúr Feirme, i measc nithe eile). Roimhe sin, chaith mé 4 bliana i m'Oifigeach Feidhmiúcháin sa Roinn Talmhaíochta. Fós féin, is ábhar ionaidh dom é go bhfuil an ríomhaire pearsanta ar a bhfuil mé ag clóscríobh an chláir seo níos cumhachtaí ná an mór-ríomhaire a bhí in úsáid agamsa 20 bliain ó shin i gcomhar na suirbhéanna ar fhéar agus ar bhillí talún do gach feirmeoir sa tír, chomh maith le AI na muc (agus ní 'artificial intelligence' atá i gceist agam).
Polaitíocht: Is ball bródúil mé de Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann. Bhí mé san iomaíocht sna toghcháin áitiúla in 1999 i gceantar toghchánaíochta Chluain Tarbh. Is dócha go bhfuil mé ar eite chlé an pháirtí de bharr nach dóigh liom go bhfuil gach réiteach ag an saormhargadh. Creidim sa trádáil chothrom - ní sa tsaorthrádáil.



bravenet.com